An 5 rud is fearr chun an leas is fearr a bhaint as Lá Oscailte an Earraigh i nGráinseach Ghormáin, Dé Sathairn seo chugainn 22 Aibreán

Published: 17 Aib, 2023

Is breá linn ár gcampas nua i nGráinseach Ghormáin agus ní féidir linn fanacht lena thaispeáint ar an Satharn. Seo roinnt leideanna chun cabhrú leat leis an leas is fearr a bhaint as do chuairt.

  1. Deán do chuid ullmhúcháin

 Pleanáil chun tosaigh:

  • cláraigh anseo leis an leas is fearr a bhaint as an gclár oibre
  • faigh braistint den champas agus fiosraigh conas a rachaidh tú anseo – tá an t-ádh linn go bhfuil go leor roghanna iompair phoiblí againn. Íoslódáil nó priontáil léarscáil, féach ar ár gcainéil shóisialta agus ár gcumainn
  • Ullmhaigh cúpla ceist nach bhfuil na freagraí agat dóibh, maidir le riachtanais iontrála, an obair go said ag súil leis sa chúrsa, infhostaitheacht, nó aon cheisteanna eile atá agat ionas nach ndéanann tú dearmad orthu agus tú ann
  • Pacáil mála le cúpla rud le cinntiú go n-éireoidh leat – an clár oibre, luchtaire iniompartha nó mála breise chun aon bhróisiúir bhreise a iompar, srl. D’fhéadfá duine eile a thabhairt leat, cosúil le ball teaghlaigh, le tuairim eile a fháil (is féidir le tuismitheoirí a bheith fiosrach!)

 

  1. Do phríomhthosaíocht: an cúrsa

D’fhéadfadh sé a bheith spraíúil am a chaitheamh le do chairde, ach ba chóir go mbeadh an cúrsa ag barr do liosta ag ár lá oscailte. Is é an sprioc ná oibriú amach an bhfuil uait díriú ar an gcúrsa seo don chéad cúpla bliain eile, agus an dtabharfaidh sé na deiseanna cearta duit. Faigh an t-eolas ó dhuine atá ar an eolas – labhair le léachtóirí, lenár bhfoireann Earcaíochta do Mhic Léinn, agus le mic léinn reatha ar an gcúrsa. Bí cinnte go dtuigeann tú go díreach cad atá i gceist leis an gcúrsa, leis na modúil agus leis na modhanna measúnaithe. Is breá linn ár gcampas nua ach is é an cúrsa an tosaíocht — Cad a bheidh á dhéanamh agat ar bhonn seachtainiúil, cé mhéad uair an chloig de léachtaí a bheidh agat, cad é an chothromaíocht idir cleachtas agus teoiric?

  1. Coimeád i dteamháil agus fás do líonra

Coimeád i dteagmháil le duine ar bith ar bhuail tú leo, i bpearsan nó ar na meáin shóisialta. Is cuma má tá said ag obair in Earcaíocht na Mac Léinn, ina léachtóir nó ina mac léinn, d’fhéadfadh sé cabhrú leat braistint níos fearr a fháil dár gcampas.  Ceann de na rudaí is fearr faoi OT Baile Átha Cliath is ea cé chomh paiseanta is atá ár bhfoireann maidir le bheith ag obair anseo agus a bheith ag cabhrú le mic léinn. Is féidir leat teacht orainn ar Tik Tok, Facebook agus Instagram, le go leor leideanna ó mhic léinn agus ón bhfoireann a fháil. Téigh i dteagmháil linn agus déanfaimid ár ndícheall aon cheisteanna atá agat a fhreagairt.

  1. Bíodh do dhátaí agus roghanna CAO ar eolas agat

An bhfuil tú cinnte cá bhfuil OT Baile Átha Cliath rangaithe ar do roghanna CAO? Téann go leor mac léinn tríd an bhfoirm ró-thapaí leis an spriocdháta, 1 Feabhra a bhaint amach. Ná déan dearmad go bhfuil go dtí an 1 Iúil agat chun athruithe a dhéanamh agus a chinntiú go léiríonn d’fhoirm an cúrsa atá uait i ndáiríre.  Ná dírigh ar chúrsaí Leibhéal 8 amháin – déan cinnte go ndéanann tú taighde ar chúrsaí Leibhéal 6 agus 7 a bhféadfadh spéis a bheith agat iontu chun cabhrú leat slí bheatha a bhfuil tú paiseanta faoi a aimsiú.

  1. Bain sult!

Táimid chomh bródúil as na háiseanna úrscothacha atá ag ár gcampas i nGráinseach Ghormáin. Ónár n-ionaid léirithe, ár n-áiseanna spóirt agus na saotharlanna agus an chistin cheannródaíoch, tá súil againn go mbainfidh tú sult as cuairt a thabhairt orainn an oiread céanna agus a thaitníonn sé linn a bheith ag obair anseo.

#OTBaileÁthaCliath #FéidearthachtaíAsCuimse