Bearta breisithe á dtabhairt isteach ag OT Baile Átha Cliath le haghaidh a thabhairt ar mhinicíocht mhéadaithe COVID-19

Published: 18 MFómh, 2020

Tá Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (OT Baile Átha Cliath) le bearta breisithe a thabhairt isteach agus mic léinn ag cur tús lena gcuid staidéar ó Dé Luain, 21 Meán Fómhair, le haghaidh a thabhairt ar iarratas ón Rialtas agus Foireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET).

Cabhróidh na bearta seo leis na hiarrachtaí le stop a chur le minicíocht mhéadaithe COVID-19 i mBaile Átha Cliath. Tá na bearta seo á gcur i bhfeidhm láithreach bonn, agus tagann siad le srianta méadaithe COVID-19 ina mbeidh aon ghníomhaíocht nach bhfuil gá leis a bheith ar campas in OT Baile Átha Cliath, ag bogadh ar líne nuair is féidir. Tá cead ag ranganna a bheadh ní ba phraiticiúla ar nós saotharlanna, foghlaim i gcistineacha nó ceardlanna leanúint ar aghaidh mar a bhí beartaithe agus a bheith ar siúl ar campas.

Tá OT Baile Átha Cliath tar éis a bheith ag comhoibriú le baill foirne, mic léinn, Aontas na Mac Léinn agus páirtnéirí sóisialta le bearta sábháilteachta cuí a chur i bhfeidhm le cinntiú go mbeidh ár gcuid gníomhaíochtaí traidisiúnta saotharlainne, ceardlainne is stiúideo in ann a bheith ar siúl mar is gnách chomh fada agus is féidir a chuirfidh le taithí dhearfach do mhic léinn. Mar chuid den ullmhúchán do roinnt gníomhaíocht cláir le bheith aghaidh ar aghaidh, tá measúnú tar éis tarlúint i ngach suíomh campais, agus tá comharthaíocht is córais ghlantacháin chuí bunaithe. Léireoidh comharthaíocht ar shlí shoiléir an bealach le bogadh tríd an bhfoirgneamh, le bealaí isteach agus amach ar leith nuair is féidir, agus an t-uasmhéid ó thaobh líon na ndaoine atá ceadaithe i ngach spás. Ní mór clúdach aghaidhe a chaitheamh an t-am ar fad ar campas nuair a bhíonn tú i dtimpeallachtaí pobail is teagaisc laistigh agus i suíomh ar bith nuair nach féidir cloí leis an scaradh sóisialta ceart.

Tá níos mó eolais ar fáil faoi chúrsaí sláinte, sábháilteachta agus COVID-19 ar an suíomh gréasáin againn anseo