COMHPHÁIRTÍ DE CHUID OT BAILE ÁTHA CLIATH I dTIONSCADAL AE LE GNÁSANNA SLÁNDÁLA BIA A LEASÚ A BHAINEANN LE SEACHADADH BIA SÁBHÁILTE

Published: 16 Noll, 2020

Tá drochthionchar ag na srianta a cuireadh i bhfeidhm maidir le COVID-19 a bhainistiú ar na tionscail bialainne agus lónadóireachta, rud a éilíonn treoir nua do chuideachtaí bia maidir le conas a léiriú go bhfuil rialuithe éifeachtacha i bhfeidhm chun na rioscaí a bhaineann le COVID-19 a mhaolú.

Tabharfaidh tionscadal nua AE dar teideal SAFELIVERY, arna mhaoiniú ag Glao Mearfhreagartha COVID-19 ar son na Nuálaíochta, aghaidh ar bhearnaí sa tsábháilteacht ó thaobh sheirbhísí seachadta bia de. Cuirfidh an tionscadal réitigh atá réidh le húsáid ar fáil agus déanfaidh sé athbhreithniú ar an scéim Anailís Guaise agus Pointí Rialúcháin Criticiúla (HACCP) chun go mbeidh siad in oiriúint níos fearr do na hearnálacha seachadta bia agus lónadóireachta, rud a chinnteoidh go n-áireofar tosca daonna agus na rioscaí trealaimh a bhaineann le seachadtaí.

 

Tá maoiniú os cionn €545,000 faighte ag SAFELIVERY ón tionscnamh nuálaíochta bia is mó de chuid na hEorpa – Bia EIT. Is í Ollscoil Bologna a chomhordaíonn an obair le Tecnoalimenti S.C.p.A, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus SME Aria na hIodáile.

 

Tá ioncaim réamh-mheasta ag an ndeighleog Seachadadh Bia ar Líne san Aontas Eorpach a bheidh breis is €19,000m sa bhliain 2020, agus meastar go léireofar ráta fáis bliantúil 8.2%[1] sa mhargadh faoi 2024. Mar sin féin, tá sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar roinnt ábhar imní a ardaítear do thomhaltóirí mar thoradh ar thionchar na staide reatha.

Deir an Dr Maria Chiara Leva, Bainisteoir Scaipthe um SAFELIVERY in OT Baile Átha Cliath, gurb é an Tecnoalimenti bunaitheoir na hiarrachta foirne seo a bhuí lena bpaitinn do bhosca frithchrioscaíola agus córas séala do sheachadtaí bia. “Tógadh céad chéimeanna an togra as sin amach, a bhuíochas do chomhordú Ollscoil Bologna, a leathnaigh an scóip chun seirbhísí bia eile agus bianna réidh le hithe a chur san áireamh. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal anois prótacail a fhorbairt chun an baol a laghdú maidir le dromchlaí bia agus éilliú pacáistíochta ó mhiocrorgánaigh amhail baictéir agus víris.”

Ag leanúint ar aghaidh, deir an Dr Maria Chiara Leva; "Cuirfidh SAFELIVERY, in éineacht le córas na séalaí frithchrioscaíola, prótacail fheabhsaithe HACCP ar fáil freisin chun rioscaí a bhaineann le tosca daonna féideartha agus coinníollacha seachadta a bhainistiú agus a rialú. Ag an am céanna, cruthófar pacáiste oiliúna feabhsaithe do láimhseálaithe agus seachadóirí bia. Tá na réitigh dírithe ar dhearbhú cáilíochta a chur ar fáil do sheachadtaí bia tomhaltóirí, chomh maith le faisnéis a bhailiú maidir le roghanna bia agus aistí bia le linn agus i ndiaidh na paindéime, as ar eascair níos mó oibreoirí lónadóireachta agus seachadta bia a bhaineann úsáid as feidhmchláir dhigiteacha agus ghréasáin.”

Mar chuid de Thionscnamh EIT um Fhreagairt ar Ghéarchéimeanna, cuireann an ghníomhaíocht seo go díreach le freagairt an Aontais Eorpaigh ar phaindéim COVID-19. Faoi cheannaireacht EIT, tá EIT Bia agus na Pobail Nuálaíochta Eolais eile (KICs) tar éis leas a bhaint as na Glaonna Freagartha COVID-19 seo ar luas nach bhfacthas riamh roimhe, rud a chinntíonn go bhfuil tacaíocht á tabhairt do thionscail ar fud na hEorpa in am an ghátair.

EIT Food Logo

 

[1] [1] https://www.statista.com/outlook/374/102/online-food-delivery/europe