Feachtas Sintius 2020 #TUDublinTogether

Published: 8 Aib, 2020

Le linn an ama seo agus muid scartha óna chéile, tá OT Baile Átha Cliath agus Aontas na Mac Léinn OT Baile Átha Ciath tar éis teacht le chéile chun airgead a thiomsú do thrí charthanas RAG, Peter McVerry Trust, Jigsaw agus BelongTo.

Táimid ag iarraidh ar mhic léinn, ar bhaill foirne, agus ar alumni na hOllscoile na cuimhní is fearr leo ó imeachtaí agus ó bheith ag teacht le chéile in OT Baile Átha Cliath a roinnt linn trí ghrianghraf a phostáil ar Instagram leis an haischlib #TUDublinTogether. Tabharfaimid €2 do na carthanais RAG, Peter McVerry Trust, Jigsaw agus BelongTo do gach postáil a roinntear ag baint úsáid as an haischlib #TUDublinTogether as seo go dtí an 14/04.

Tá Aontas na Mac Léinn tar éis a bheith ag tiomsú airgid do na carthanais seo ó cheann ceann na bliana, agus teastaíonn ár gcuid tacaíochta uathu anois níos mó ná riamh,chun tacú leo siúd atá leochaileach, go háirithe le linn na tréimhse leithlisithe seo de bharr COVID19.

Ná déan dearmad @tudublin agus @tudublinsu a chlibeáil agus #WeAreTUDublin agus #WeAreInThisTogether a chur le do phostáil.

TUDublinTogether gif various images of students