Ranganna agus oiliúint sa Ghaeilge saor in aisce do mhic léinn agus baill foirne in OT Baile Átha Cliath don bhliain nua!

Published: 9 Ean, 2020

Cuirfear tús le sraith nua de Ranganna Gaeilge agus tacaíocht ar líne saor in aisce ó Dé Luain 3 Feabhra 2020 do bhaill foirne agus do mhic léinn eagraithe ag Oifig na Gaeilge i gcomhar le Forbairt Foirne, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus Gaelchultúr Teo.

Caith súil ar amchlár na ranganna le feiceáil an bhfuil rang ann a oireann duitse!

Beidh na ranganna ar fáil ag 4 leibhéal éagsúla ó Ghlantosaitheoirí go dtí Meánrang agus beidh siad ar siúl ag am lóin agus um thráthnóna ar feadh uair an chloig. Beidh na ranganna faoi stiúir theagascóirí ardoilte ó Ghaelchultúr agus beidh na ranganna neamhfhoirmiúil agus an bhéim ar scileanna labhartha a fhorbairt. Tugfar tacaíocht sna ranganna agus ó Oifig na Gaeilge chun cáilíocht i dTeastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach.

Beidh deis ag gach duine a dhéanann freastal ar na Ranganna Gaeilge in OT Baile Átha Cliath an seimeastar seo a bheith ag foghlaim ar líne agus ag fáil tacaíocht ar www.ranganna.com. Is suíomh ríomhfhoghlama é ranganna.com atá éasca a úsáid, atá cuimsitheach agus a chuireann ar do chumas Gaeilge nádúrtha laethúil a fhoghlaim ag do luas féin a thacaíonn leis an obair sa seomra ranga.  

Tosóidh na ranganna ón Luan 3 Feabhra 2020 ar feadh 8 seachtaine i gcampais Shráid Aungier, Ghráinseach Ghormáin agus Sráid Chaoimhín.

Is féidir clárú do ranganna Gaeilge OT Baile Átha Cliath anseo

Tá clár nua páirtaimseartha, an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (Leibhéil 3-6 den gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí) a thairiscint ag Oifig na Gaeilge do bhaill foirne a bhíonn ag plé leis an bpobal go rialta agus ag obair i Seirbhísí na Mac Léinn, sa Leabharlann agus san Oifig Eastát. Beidh deis ag na baill foirne a thugann faoin Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil sainteanga a fhoghlaim a bhaineann go dlúth lena gcuid oibre agus cáilíocht aitheanta a bhaint amach ag an am céanna. Má tá spéis agat, seol ríomhphost chuig gaeilge@tudublin.ie nó is féidir suim a léiriú anseo

Tá gach eolas mar gheall ar Ranganna Gaeilge agus Imeachtaí Oifig na Gaeilge le fáil ar shuíomh gréasáin Oifig na Gaeilge.

Déan teagmháil le: Siobhán Nic Gaoithín / Gráinne Ní Bhreithiún in Oifig na Gaeilge, OT Baile Átha Cliath, Áras Ráth an Dúin, Gráinseach Ghormáin, Baile Átha Cliath 7, 01 4027043 / gaeilge@tudublin.ie / www.tudublin.ie/gaeilge