TAIGHDEOIRÍ OT BAILE ÁTHA CLIATH LE TÁSTÁIL CHORÓINVÍRIS A FHORBAIRT BUNAITHE AR SHEILE A CHUIRFIDH TORTHAÍ AR FÁIL TAOBH ISTIGH DE CHÚPLA NÓIMÉAD

Published: 24 MFómh, 2020

Tá sé fógartha ag an Aire Ardoideachais Simon Harris TD, go bhfuil maoiniú tar éis a bheith bronnta ar thaighdeoirí ag OT Baile Átha Cliath le próiseas scagthástála bunaithe ar sheile a fhorbairt ar féidir leis Coróinvíreas (COVID-19) a aimsiú taobh istigh de chúpla nóiméad.

Bainfear úsáid as an maoiniú seo le próiseas scagthástála bunaithe ar sheile a fhorbairt ar féidir leis Coróinvíreas (COVID-19) a aimsiú taobh istigh de chúpla nóiméad. D’fhéadfadh an tástáil seo réiteach tástála inrochtana oiriúnach a chur ar fáil a d’fhéadfaí a úsáid in ospidéil agus i dtimpeallachtaí pobail. Bronnadh an maoiniú mar chuid de ghlao maoinithe do thaighde mearfhreagartha foilsithe i gcomhpháirt ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann, Fiontraíocht Éireann agus an tÚdarás Forbartha Tionscail (SFI-EI-IDA).

AptaGold – Measúnacht scagthástála COVID-19 mhear bunaithe ar sheile

Cuirfidh AptaGold, a bhfuil an Dr Niamh Gilmartin agus an tOllamh Steve Meaney i gceannas air ó Scoil na mBitheolaíochtaí agus na nEolaíochtaí Sláinte, agus Institiúid na hInbhuanaitheachta Comhshaoil agus na Sláinte (ESHI) ag OT Baile Átha Cliath, cur chuige nuálach saor ó ghléas, bunaithe ar sheile le COVID-19 a aimsiú ar fáil atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus inscálaithe gan mhoill.

Míníonn Dr Steve Meaney, Eolaí Leighis, Bithcheimiceoir agus Ceann Scoile Cúnta na mBitheolaíochtaí ┐na nEolaíochtaí Sláinte ag OT Baile Átha Cliath, go bhfuil an tástáil leathan agus t-an aimisú luath ríthábhachtach chun smacht a choinneáil ar COVID-19 agus chun é a bhainistiú, go háirithe in éagmais idirghabhálacha cliniciúla leordhóthanacha. “Tá uirlisí diagnóiseacha reatha costasach toisc go mbíonn siad ag brath ar chuir chuige ghéiniteacha agus bíonn trealamh, imoibrithe agus foireann dhiagnóiseach oilte de dhíth. Beidh acmhainn leithéidí córais tástálacha lonnaithe i saotharlanna mar dhúshlán choíche. Freastalaíonn an réiteach againne ar an ngéarghá atá ann rogha scagthástála sampla-go-torthaí a chur ar fáil atá saor, ar an láthair agus a bhaineann úsáid as sampla seile is féidir a fháil go héasca. D’fhéadfaí go mbainfí úsáid as in áiteanna oibre, aerfoirt agus moil taistil eile chomh maith le timpeallachtaí le hacmhainní ísle ina bhfuil seirbhísí saotharlainne easnamhacha toisc nach bhfuil gá le sain-oiliúint nó trealamh leis an tástáil nua mholta a chur i gcrích.”

Tá sé bunaithe agus seanbhunaithe faoin tráth seo go bhfuil cáithníní víreasacha SARS-CoV-2 le sonrú i seile daoine faoi leith atá ionfhabhtaithe, dar leis an Dr Niamh Gilmartin, Bithcheimiceoir agus saineolaí sa Diagnóisic Bhithleighis ag OT Baile Átha Cliath. “Tá AptaGold, an mheasúnacht scagthástála molta againn, bunaithe ar shamplaí ina bhfuil seile ó othar measctha le snáithe DNA roghnaithe go speisialta ar a dtugtar aptamers. Nasctar na snáithe seo le cáithníní óra beaga bídeacha, agus sa chás go mbíonn próitéiní COVID-19 le sonrú, teannann na cáithníní seo le chéile agus is é athrú datha feiceálach an toradh air seo taobh istigh de chúpla nóiméad. Is féidir aptamers a chur ar fáil ag costas i bhfad níos ísle ná antasubstaintí agus ar an ábhar sin d’fhéadfaí an táirgeadh a mhéadú go héasca chun freastal ar an éileamh in Éirinn agus thar lear.” 

Deir an Dr Gilmartin chomh maith go bhfuil an tástáil, aonrú agus rianú teagmhálaithe ríthábhachtach le stop a chur le COVID-19 agus go laghdaíonn torthaí beachta tráthúla amlínte go suntasach agus go sábháiltear beatha daoine. “Tá AptaGold deartha le bheith mar chóras scagthástála chéad líne dóibhsean nach mór dóibh cóir leighis a fháil go práinneach agus ar gá dóibh aonrú, san earnáil cúraim sláinte agus sa phobal i gcoitinne. Laghdóidh an cur chuige seo an tréimhse feithimh do bhailiúchán an tsampla agus torthaí an tástála go suntasach trí chóras tástála in aice leis an othar atá simplí agus neamhchostasach a sholáthar.

Deir Dr Meaney go bhfeabhsóidh aithint mhear na n-othar ionfhabhtaithe an chinnteoireacht chliniciúil. “Is féidir leis an gcóras seo tacú le hidirghabháil mhear agus dá bhrí sin, scaipeadh an ionfhabhtaithe a laghdú. Tá sé seo thar a bheith ábhartha de réir mar a osclaíonn muid suas an eacnamaíocht agus an tsochaí – d’fhéadfadh fostaithe an tástáil a thógáil gach maidin le fáil amach go tapa an gá dóibh féin-aonrú agus d’fhéadfadh sé cabhrú le daoine bainistiú a dhéanamh ar a gcuid pleananna taistil.” 

Is tionscadal ilghníomhaireachtaí é AptaGold á threorú ag OT Baile Átha Cliath i gcomhar le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ospidéal San Séamas, Ospidéal Beaumont, Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn agus an Clár Cliniciúil Náisiúnta don Phaiteolaíocht.

Nótaí don Eagarthóir:

AptaGold – Measúnacht scagthástála COVID-19 mhear bunaithe ar sheile

Tá an tástáil leathan agus an t-aimisú luath ríthábhachtach chun smacht a choinneáil ar COVID-19 agus chun é a bhainistiú, go háirithe in éagmais idirghabhálacha cliniciúla leordhóthanacha. Cuirfidh an t-ardán againn cur chuige nuálach saor ó ghléas, bunaithe ar sheile le COVID-19 a aimsiú ar fáil atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus inscálaithe gan mhoill.

 Tá an mheasúnacht bunaithe ar chomhbhailiúchán SARS-CoV-2 faoi thionchar nanacháithníní óra clúdaithe le aptamers sonracha SARS-CoV-2, rud a fhágann go ndéantar modhnú ar athshondas plasmón dromchla logánta (LSPR) de na nanacháithníní agus a aistríonn go hathrú macrascópach, dath dearg-go-gorm atá le feiceáil le radharc na súl. Níos tábhachtaí, ní bhraitheann an cur chuige seo ar PCR, rud a chiallaíonn nach mbeidh sé in iomaíocht leis na slabhraí soláthair d’imoibrithe móilíneacha agus tomhaltáin samplála atá teoranta cheana féin.

Cuirfidh an córas seo réiteach scagthástála chéad líne inrochtana ar fáil a sholáthraíonn torthaí taobh istigh de nóiméid seachas uaireanta. Cuireann an córas ar chostas íseal agus a oibríonn chomh mear sin ar chumas tástálacha méadaithe a dhéanamh ar oibrithe cúraim sláinte mar shampla, iadsan i dtimpeallachtaí pobail agus iadsan i dtimpeallachtaí gann ar acmhainní agus nach bhfuil tástálacha móilíneacha ar fáil. Bheadh forbairt ar an gcur chuige seo mar mhórathrú ó thaobh na tástála COVID-19 de, ag tabhairt an chumais tástála go gach pobal agus bheadh sé ag tacú le hathoscailt sochaí mar chuid den chéad chéim eile mar fhreagra ar an bpaindéim seo.

Foireann an Tionscadail

Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (forbairt na croí-mheasúnachta)

  • Dr Niamh Gilmartin, Bithcheimiceoir ┐ Diagnóisic Bhithleighis, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
  • Dr Steve Meaney, Bithcheimiceoir Leighis, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
  • An tUasal Brian Henderson, Bithinnealtóir, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
  • Dr Andrew Knox, Bithcheimiceoir Struchtúr, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
  • Dr Marcus Maher, Nanaibhithcheimiceoir, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
  • Dr Carla Surlis, Bithfhaisnéisí, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
  • Dr Aine Balfe, Micribhitheolaí Leighis, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
  • Dr Celine Herra, Micribhitheolaí Leighis, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (dearadh agus forbairt gléis)

  • Dr Rohit Mishra, Ionad Tionscadail Fraunhofer, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
  • Ms Julia Kwiatkowska, Ionad Tionscadail Fraunhofer, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Comhoibrithe cliniciúla (bailíochtú cliniciúil)

  • Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath/ Ospidéal San Séamas
  • Dr Ignacio Martin-Loeches, Ospidéal San Séamas agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Beaumont/ Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (RCSI)
  • Dr Mary Keogan, Ceannaire Cliniciúil, an Clár Cliniciúil Náisiúnta don Phaiteolaíocht ┐ Imdhíoneolaí Comhairleach, Ospidéal Beaumont
  • Dr Fidelma Fitzpatrick, Micribhitheolaí Comhairleach, Ospidéal Beaumont agus an RCSI
  • Dr Eoghan De Barra, Lia Comhairleach ar Ghalair Thógálacha, Ospidéal Beaumont agus an RCSI