Tráthnónta Eolas CAO – Déardaoin 16 Eanáir 2020

Published: 2 Ean, 2020

Seo deis iontach chun eolas a fháil ó fhoireann iontrála na hOllscoile mar gheall ar an réimse leathan cúrsaí agus ábhair atá ar fáil in OT Baile Átha Cliath agus spriocdháta an Láir-Oifig ag teannadh linn ar an 1 Feabhra 2020.

Beidh seisiúin eolas mar gheall ar an Lár-Oifig Iontrála (CAO) a n-eagrú do thuismitheoirí agus caomhnóirí lucht fágála scoile, do mhic léinn lánfhásta, do mhic léinn Dearbhaithe Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) chomh maith le mic léinn Iar-Ardteistiméireachta ar Déardaoin 16 Eanáir in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (OT Baile Átha Cliath) i gcampais Ghráinseach Ghormáin, Tamhlachta agus Baile Bhlainséir. 

Beidh plé ag na seisiuin chomh maith mar gheall ar na bealaí le bogadh chun cinn ó Leibhéal 6 go dtí Leibhéil 7 agus 8 chomh maith le bealaí rochtana QQI agus na tacaíochtaí agus cabhair atá ar fáil trasna na hOllscoile do mhic léinn.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus le clárú, tabhair cuairt ar leathanach gréasáin na Laethanta Oscailte

 

Baile Bhlainséir

Déardaoin 16 Eanáir

5-7i.n

Lár na Cathrach – Gráinseach Ghormáin

Déardaoin 16 Eanáir

5:30-7:30i.n

Tamhlacht

Déardaoin 16 Eanáir

4-7i.n