Maidir leis an Ollscoil

Is í Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (OT Baile Átha Cliath) an chéad Ollscoil Teicneolaíochta in Éirinn. Cuireann muid réimse uathúil cúrsaí agus disciplíní ar fáil, le bealaí éagsúla a chuireann ar chumas mac léinn céim a bhaint amach ó bhonnchúrsa agus printíseacht go leibhéil fochéime agus dochtúireachta.  Is í OT Baile Átha Cliath an ollscoil ina dtagann na healaíona, gnó, eolaíochtaí, innealtóireacht agus teicneolaíocht le chéile, agus tagann ár 28,500 mac léinn agus taighdeoirí as gach cearn d'Éirinn agus as gach cearn den domhan.

Tá campais fadbhunaithe ag an Ollscoil nua i gCathair Bhaile Átha Cliath agus sa dá cheantar fáis daonra is mó i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath - Baile Bhlainséir agus Tamhlacht. Faoi láthair, tá ár gcampas cathrach nua á fhorbairt ar shuíomh suntasach 73-acra i nGráinseach Ghormáin atá suite i lár Bhaile Átha Cliath. Seo an tionscadal forbartha ardoideachais is mó san Eoraip. Cuirfidh an campas timpeallacht eisceachtúil foghlama ar fáil a bheas ag tacú le taighde, nuálaíocht agus cur chun cinn eolais, áit a gcuirfidh muid fáilte roimh níos mó ná 10,000 mac léinn i mí Mheán Fómhair 2020. Athlonnóidh 5,000 mac léinn eile chuig an champas faoin bhliain 2022.