Imeacht Tionscnaimh ag campas Ghráinseach Ghormáin OT Baile Átha Cliath ag ceiliúradh nochtadh THE GOLDEN BANDSTAND – Sculpture

Published: 1 Iúil, 2024

Daltaí ó Rang a Trí Paul i Scoil Náisiúnta Oideachas le Chéile Baile Átha Cliath 7 ag ceiliúradh na ceolchoirme tionscnaimh de ‘THE GOLDEN BANDSTAND Sculpture’ – dealbh fheidhmiúil uathúil ó lámh an ealaíontóra chlúitigh Garrett Phelan ar Champas OT Baile Átha Cliath i nGráinseach Ghormáin.

Tá lúcháir ar Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (OT Baile Átha Cliath) agus ar Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin oscailt ‘THE GOLDEN BANDSTAND Sculpture’ a fhógairt – dealbh fheidhmiúil uathúil ó lámh an ealaíontóra chlúitigh Garrett Phelan. Beidh an dealbh ina lárphointe d’idirghníomhaíocht phobail agus d’imeachtaí cultúrtha ar champas Ghráinseach Ghormáin i mBaile Átha Cliath 7. Tá sé de chuspóir ag an ollsaothar coimisiúnaithe amharc-ealaíne, atá mar chuid de thogra Ealaín Phoiblí Ghráinseach Ghormáin ‘the lives we live’, oidhreacht fhadtéarmach a leabú ar champas Ghráinseach Ghormáin, mar léiriú ar an bpobal bríomhar atá ann agus a scéal atá faoi bláth.

Ní hamháin gur dealbh é ‘THE GOLDEN BANDSTAND – Sculpture’; is spás dinimic agus idirghníomhach é, agus mar dhéanann ealaíontóir Garrett Phelan cur síos air, “spás inar féidir pobail uile an cheantair teacht le chéile agus a bheith ag damhsa, ag comhrá, ag canadh, ag machnamh, ag pógadh, ag féachaint, agus ag éisteacht.” Faoi thionchar an Phríomhdhochtúra Dr. Joseph Lalor, a chreid i gcumhacht theiripeach na cruthaitheachta agus na háilleachta, tá sé de chuspóir ag an dealbh an fholláine mhothúchánach a chothú tríd an rannpháirtíocht le healaíon.

Ag labhairt dó ag an nochtadh, dúirt Uachtarán Eatramhach OT Baile Átha Cliath, an tOllamh John Doran, “go gcuireann ‘THE GOLDEN BANDSTAND – Sculpture’ go mór le campas Ghráinseach Ghormáin OT Baile Átha Cliath agus gur mór an mhaise é don amharclann agus an ceoláras reatha a fhágann gur mórmhol cultúrtha agus cruthaitheach i mBaile Átha Cliath is ea campas s’againne. Tá ríméad orainn an saothar ealaíne seo a óstáil.”

Chuir an t-ealaíontóir Garrett Phelan fáilte roimh an imeacht tionscnaimh seo don dealbh: “cruthaíonn ‘THE GOLDEN BANDSTAND – Sculpture’ nasc idir claochlú láthair Ghráinseach Ghormáin mar lárionad do mhúnlaí nua don oideachas cruthaitheach agus gníomhaíocht phobail. Chruthaigh mé an dealbh le haitheantas a thabhairt don am atá thart le teann measa, chun glacadh go fonnmhar leis an am i láthair agus chun go mbeidh se ina phíosa ealaíne comhaimseartha a spreagann rannpháirtíocht chruthaitheach agus comhéalúchas do chách amach anseo.”

Ag labhairt dó ag an imeacht, dúirt an tOll. Ciarán Benson, iarChathaoirleach Mheitheal Ealaín Phoiblí Ghráinseach Ghormáin agus duine den phainéal a roghnaigh an píosa ealaíne seo: “Ar feadh i bhfad, b’áit ghruama í Gráinseach Ghormáin i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Anois agus ‘THE GOLDEN BANDSTAND – Sculpture’ le Garrett Phelan díreach oscailte, tá loinnir ghréine ag lonrú i gcroí champas nua uaillmhianach Ghráinseach Ghormáin. Is féidir leis an ealaín mhaith phoiblí maitheas an domhain a dhéanamh chun beocht a chur in áit agus bríonna agus mothúcháin úra a chothú. Is amhlaidh a dhéanfaidh 'THE GOLDEN BANDSTAND - Sculpture' do Ghráinseach Ghormáin agus na pobail chomhpháirte ann. Tá an saothar galánta agus uaillmhianach seo mar chuid de láithreacht mhéadaithe na scothealaíne poiblí in Éirinn agus is féidir anois é a áireamh i measc na sárshaothar eile ar an gcampas. Deimhniú is ea é den luach atá leis an scéim Chéatadáin don Ealaín, a fhorbrófar gan mhoill, a chuireann an ealaín phoiblí chun cinn in Éirinn.

Dóibh siúd a bhfuil spéis acu imeachtaí nó léirithe a chur in áirithe ag ‘THE GOLDEN BANDSTAND – Sculpture’, déan teagmháil le eventenquiries@tudublin.ie.