Séanadh Ríomhphoist

D'fhéadfadh faisnéis rúnda nó phribhléideach a bheith sa ríomhphost seo agus a bhfuil ann, agus aon cheangaltáin a ghabhann leis agus is don seolaí amháin atá siad beartaithe. Mura tusa an faighteoir beartaithe, nó má fuair tú an ríomhphost seo trí thimpiste, scrios go láithreach é agus déan teagmháil leis an seoltóir.

Toirmisctear aon úsáid neamhúdaraithe lena n-áirítear nochtadh, foilsiú, cóipeáil nó dáileadh den ríomhphost seo nó dá cheangaltáin. Is leis an seoltóir féin aon tuairimí a chuirtear in iúl sa teachtaireacht seo agus ní gá gurb ionann iad agus tuairimí Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Tabhair do d'aire go bhféadfadh ríomhphoist chuig Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, uaithi nó laistigh di a bheith ina n-ábhar iarratais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus/nó faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 agus faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) 2016/679.