TACAÍONN ‘OPEN LABS’ LE 150 GNÓLACHT NUATHIONSCANTA AGUS GINEANN SÉ IONCAM TAIGHDE €1.5M

Published: 15 Feabh, 2021

Tá tacaíocht tugtha ag Open Labs, tionscnamh for-rochtana ceannródaíoch Taighde agus Forbartha ó OT Baile Átha Cliath, Hothouse, do níos mó ná 150 gnólacht nuathionscanta agus FBManna chun táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt ó bunaíodh é in 2018.

Le linn an ama sin, ghin sé breis agus €1.5m in ioncam taighde agus chruthaigh sé naisc idir earnálacha tionscail atá ríthábhachtach do gheilleagar na hÉireann le breis is 600 taighdeoir agus áiseanna ardteicneolaíochta chun tacú le taighde agus nuálaíocht luathchéime.

Deir an tOllamh Brian O’Neill, Stiúrthóir Taighde, Fiontraíochta agus Seirbhísí Nuálaíochta ag OT Baile Átha Cliath, "Ní hamháin go gcuireann Open Labs ar chumas FBManna a gcuid gníomhaíochtaí Taighde agus Forbartha a fhiosrú nó a leathnú, ach comhlíonann sí príomhaidhm de chuid na hOllscoile a bheith gar do chuisle geilleagair rathúil inbhuanaithe. Léiríonn Open Labs an cumas agus na scileanna réitigh fadhbanna a bhíonn de dhíth sa saol réadúil atá ag taighdeoirí OT Baile Átha Cliath atá ag obair ar fud na hOllscoile, rud a ligeann dúinn inniúlachtaí a roinnt, smaointe a chur le chéile, agus sineirgí agus deiseanna nua a chruthú. Trí rath leanúnach Open Labs, tá sé i gceist ag an Ollscoil ár gcuid comhpháirtíochtaí a dhoimhniú le hearnáil na tionsclaíochta a chinnteoidh go bhfuilimid ag baint an leas is fearr as na cumais taighde atá againn sna hearnálacha ardteicneolaíochta, atá ríthábhachtach chun Éire a bhunú mar Cheannaire Nuálaíochta Domhanda agus le poist ardluacha a chruthú agus táirgí ceannródaíocha a bhfuil tionchar acu ar an tsochaí a sholáthar ag an am céanna.”

Tá an próiseas ag Open Labs deartha chun a bheith soiléir is cabhrach do ghnólachtaí, agus ceaptar cásbhainisteoir tiomnaithe ó OT Baile Átha Cliath le cabhrú le gach FBM. Agus í ag déanamh cur síos ar an bpróiseas, deir an Dr Shawna Johnston, Bainisteoir Forbartha Gnó ag OT Baile Átha Cliath, "Oibríonn cásbhainisteoir Open Labs le comhlacht chun a gcuid riachtanais nuálaíochta láithreacha a aithint agus a chur in ord tosaíochta, chun saineolas agus trealamh taighde oiriúnach a nascadh leo agus chun cinneadh a dhéanamh maidir le cén rogha maoinithe is oiriúnaí – roghanna stáit, príobháideacha nó comhoibríocha. Mar shampla, d’fhéadfadh Dearbhán Nuálaíochta ó Fhiontraíocht Éireann a bheith ní b’oiriúnaí do thionscadal níos lú ó Fhiontraíocht Éireann, a mhaoineoidh forbairt táirgí suas le €5,000, rud a chuirfidh ar chumas an chomhlachta aon mhaoin intleachtúil a choinneáil. B’fhéidir go mbeidh ar fhiontar níos mó caipiteal a thiomsú ar bhealaí eile, amhail an clár FUSION ag InterTradeIreland.”

Is féidir le gnólachtaí beaga teacht ar shaineolas OT Baile Átha Cliath i ndisciplíní éagsúla, lena n-áirítear Teicneolaíochtaí Bithbhraiteora; Anailís Sonraí ar Ghnó agus Intleacht Shaorga; Nuálaíocht Bia; Bratú Nuálach Dromchla; Fréamhshamhaltú an Táirge; Bonneagar Inbhuanaithe; Réaltacht Fhíorúil agus Mhéadaithe agus cuirfear tús le tairiscint nua sa Chibearshlándáil níos déanaí i mbliana.

Dar le Ken Coates ó Active Difference, comhlacht a dhéanann táirgí páipéir agus plaisteacha aonúsáide, inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol do chustaiméirí ar fud an domhain, go raibh Open Labs an-tairbheach dá ghnó. “Ní raibh na leibhéil tástála agus fíoraithe intí a bhíonn ag teastáil le córas a fhorbairt a shásódh na riachtanais ag brandaí domhanda amhail Coca Cola agus Burger King, ach bhí siad sin ar fáil go réidh in OT Baile Átha Cliath. Trí bheith ag obair le OT Baile Átha Cliath, cuireadh feabhas ar ár gcáil féin agus tugadh leibhéal breise gairmiúlachta dúinn a bhíonn corparáidí móra ag súil leis. Mar a tharlaíonn le haon obair T ┐ F, tháinig deiseanna taighde breise chun cinn, ach bhí an t-eolas agus na scileanna ag OT Baile Átha Cliath chun dul i ngleic le dúshláin bhreise ar bith. Ar an iomlán, tá go leor eolais agus saineolais ag OT Baile Átha Cliath, a raibh Active Difference in ann leas a bhaint as chun a chinntiú go raibh an córas a forbraíodh chomh maith agus a bhí ag teastáil le bheith inmharthana ó thaobh na tráchtála de.”

Déanfaidh Open Labs ceiliúradh ar cé chomh rathúil is atá an tionscnamh le linn ócáid fhíorúil a eagrófar mar chuid den Lá Náisiúnta Nuálaíochta Dé Máirt, an 16 Feabhra 2021 ina bheidh cur i láthair ó chomhpháirtithe tionscail Open Labs, taighdeoirí agus aitheasc oscailte ó Uachtarán OT Baile Átha Cliath, an tOllamh David FitzPatrick.

Comórtas Comórtha Open Labs

Tá áthas ar OT Baile Átha Cliath, Hothouse a fhógairt go ndéanfaidh siad cómhaoiniú ar thionscadal tionscail Open Labs suas go luach €2,500 do ghnó amháin. Chun an duais iontach seo a bhuachan, ní mór don lucht freastail idirghníomhú leis na cainteoirí painéil agus na bothanna fíorúla le linn na hócáide trí dhul i mbun cainte leis na taighdeoirí tríd an bhfeidhm comhrá. Rianóidh foireann OT Baile Átha Cliath, Hothouse gach idirghníomhaíocht, agus cuirfear iontrálacha críochnaithe ar an ngearrliosta. Roghnófar buaiteoir an tionscadail Chomhmhaoinithe go randamach ó na hiontrálacha comhlánaithe.

 Céard: Comóradh Nuálaíochta Open Labs

Clárú agus Clár: Eventbrite - https://www.eventbrite.ie/e/open-labs-anniversary-with-tu-dublin-hothouse-tickets-140061998207