Teachtaireacht ón Uachtarán O hUigínn i gcomhair Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht

Published: 11 Feabh, 2021

Rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht de chuid na Náisiún Aontaithe ar an 11 Feabhra a chomóradh.

Rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht de chuid na Náisiún Aontaithe ar an 11 Feabhra a chomóradh.

Ina theachtaireacht, dúirt an tUachtarán go gcuireann an Lá Idirnáisiúnta ócáid chuí ar fáil chun "cion na mban i réimse na heolaíochta a cheiliúradh, aitheantas a thabhairt don tábhacht atá leis an ionchur sin, agus aird a tharraingt ar an ngá leanúnach atá ann gníomhú lena chinntiú go gcloistear glórtha na mban agus na gcailíní níos forleithne agus ar gach leibhéal i ndomhan na heolaíochta."

Agus trácht á dhéanamh ag an tUachtarán ar an mbearna inscne shuntasach atá fós ann, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta sna blianta beaga atá caite, tharraing sé aird ar roinnt ceisteanna a bhfuil tionchar acu ar rannpháirtíocht na mban san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, nach mór dul i ngleic leo go práinneach.

Ina theachtaireacht labhair an tUachtarán Ó hUigínn le "gach cailín óg a bhfuil ceist á cur aici faoina bhfuil in ndán di i saol na heolaíochta sa todhchaí," trí aird a tharraingt ar an iliomad eiseamláirí dearfacha i measc na mban agus trí insint do na heolaithe mná uaillmhianacha gur cheart dóibh "bhur n-eolas agus bhur scileanna a iompar le bród".

Ar feadh a théarma in oifig, tá aird tarraingthe ag an Uachtarán Ó hUigínn ar an mbearna inscne in earnáil na heolaíochta agus na teicneolaíochta, agus é á rá aige gur cheart don sochaí tuilleadh a dhéanamh chun tairbhe a bhaint as cruthaitheacht agus nuálaíocht gach mná agus cailín, trí infheistiú in oideachas agus taighde cuimsitheach.  

Chomh maith leis sin, tá an cás á dhéanamh go leanúnach ag an Uachtarán gur cheart tairbhe an taighde agus na bhfionnachtana eolaíochta a roinnt go cothrom agus a chur ar fáil do na náisiúin bhochta - pointe a d'athdhearbhaigh an tUachtarán ar feadh na paindéime Covid-19, mar a bhfuil rochtain ar vacsaíní roinnte go han-mhíchothrom go dáta i measc tíortha.

 

Audio Version on Soundcloud