Na Leideanna CAO is Fearr ag OT Baile Átha Cliath

Published: 14 Ean, 2021

Osclaíodh iarratais CAO don bhliain 2021, le háit a bhaint amach sa choláiste, i mí na Samhna, agus cheana féin tá na mílte dalta tar éis a gcuid iarratas a chur isteach roimh an spriocdháta a bheidh ann, Dé Luain, 1 Feabhra 2021, ag 5:15pm.

CAO buailte linn

Bíonn strus ag baint leis an CAO i gcónaí, ach tá daltaí Ardteistiméireachta rang 2021 i gcás ar leith, mar sin molaimid do dhaltaí a gcuid iarratas a ullmhú go luath chun an strus breise a sheachaint. D’fhéadfadh roinnt daltaí a bheith tar éis cinneadh a dhéanamh cheana féin maidir le céard ba mhaith leo staidéar a dhéanamh air, ach ná bíodh imní ort, tá go leor ama fós agat le tabhairt faoi seo. Má chláraíonn tú faoin 1 Feabhra cinnteoidh sé seo go mbeidh tú ar chóras an CAO. Sna míonna amach romhainn, is féidir leat machnamh níos dlúithe a dhéanamh ar na roghanna éagsúla atá ar fáil.

Déan do chuid Taighde

Is é an chúis is mó a éiríonn le mic léinn san Ollscoil ná go ndearna siad taighde críochnúil ar a gcuid roghanna agus gur roghnaigh siad an cúrsa ceart dóibh. Tá go leor ama fós ann, mar sin caith an chéad chúpla lá eile ag déanamh athbhreithniú cúramach ar gach ceann de do chuid roghanna. Ná bí ag brath ar theidil na gclár amháin – gheobhaidh tú tuiscint níos fearr ar cad is cúrsa ann tríd an achoimre bunaithe air a léamh, chomh maith leis na modúil a chlúdaítear ann, agus is na torthaí foghlama atá aige. Is ionad ilfhreastail é Mol CAO OT Baile Átha Cliath d’éinne atá ag smaoineamh ar staidéar fochéime a dhéanamh in OT Baile Átha Cliath le heolas faoi gach ceann dár gcuid campas, disciplíní agus saol na mac léinn san ollscoil ar fáil.

Cúrsaí le Spriocdháta ar an 1 Feabhra

Má bhíonn ort punann a chur isteach, freastal ar éisteacht nó agallamh do chlár roghnaithe agat, tá sé tábhachtach nach ndéanann tú dearmad gur gá duit an clár sin a roghnú faoi Dé Luain, an 1 Feabhra. Mar shampla, ní mór d’aon dalta a bhfuil suim acu staidéar a dhéanamh in OT Baile Átha Cliath sa Cheol, sa Drámaíocht, sa Mhínealaín, sa Dearadh - Cumarsáid Amhairc, sa Dearadh Intí nó sa Ghrianghrafadóireacht a bheith ar an eolas gurb é an 01 Feabhra an spriocdháta le haghaidh iarratas. Léigh tuilleadh faoi phunann a chur isteach.

Tá Leibhéal 8 go hiontach, ach ná déan dearmad ar Leibhéal 6 agus 7!

B‘fhéidir go mbraitheann tú muiníneach go bhfaighidh tú na pointí don chúrsa is fearr leat, ach d’fhéadfadh an t-éileamh agus na pointí méadú fós. Is é an chomhairle a chuireann muidne ar dhaltaí ná féachaint ar chláir Leibhéal 6/7 in ábhair chomhchosúla le go mbeidh níos mó roghanna ar fáil duit nuair a bheidh na tairiscintí á n-eisiúint ag an CAO an samhradh seo chugainn. Má roghnaíonn tú glacadh le tairiscint ag Leibhéal 6/7, is féidir leat é sin a úsáid mar chonair le céim onóracha a bhaint amach níos déanaí.

Ná bíodh Eagla ort Comhairle a lorg

Má tá tú tar éis dianmhachnamh a dhéanamh ar do chuid roghanna a athrú ar an CAO, d'fhéadfadh sé cabhrú leat labhairt le duine eile faoi chomh maith. D’fhéadfadh do threoirchomhairleoir scoile nó múinteoir a bheith ar fáil chun labhairt leat, agus is daoine maithe iad do thuismitheoirí agus do chuid cairde freisin chun smaointe a phlé leo.

Chomh maith leis sin, tiocfaidh tú ar go leor agallamh lenár gcuid mac léinn agus léachtóirí ag plé an réimse leathan ábhar atá ar fáil ó OT Baile Átha Cliath ar an Mol CAO againn.