Antaine Ó Faracháin

Image for Antaine Ó Faracháin

Lecturer

Email: antaine.ofarachain@tudublin.ie

Tel: 01 2206136

Cáilíochtaí & Dámhachtainí

  • An Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí (Foras na Gaeilge: 2010).
  • MA i Léann na Gaeilge (Coláiste Phádraig, 2005) Céad Honóracha.
  • B. Oid (Coláiste Phádraig, 1987) Gaeilge & Fraincis san áireamh.
  • Diplôme de Langue Française (Alliance Française, 1979).

Réimsí Múinteoireachta & Taighde

  • DT505 BA Scannánaíocht & Craoltóireacht le Gaeilge
  • DT553 BA Iriseoireacht le Gaeilge
  • DT501 B Mus (Traidisiún na hAmhránaíochta)

Teanga: Éisteacht, Labhairt, Léamh, Scríobh, Tuiscint, Cur i láthair foirmeálta ó bhéal, Gramadach, Foghraíocht, Canúintí, Sochtheangeolaíocht, Staidéir Idirchultúrtha, Teanga i gcóir Taighde, Teanga Acadúil, Pacáistí ríomhaireachta & gréasán-bhunaithe i gcóir Teanga, Scileanna Aistriúcháin, Scileanna Iriseoireachta Gaeilge, Scileanna Craoltóireachta Gaeilge, srl.

Taighde, staidéar agus anailís chriticiúil ar na Meáin Ghaeilge: Na Meáin Chlóite, Na hIlmheáin ghréasán-bhunaithe, Craoltóireacht, Raidió, Teilifís, Scannánaíocht srl.

Scileanna praiticiúla do na Meáin Chlóite & Chraoltóireachta Ghaeilge: Scríobh do na Meáin Chlóite Ghaeilge. Scileanna praiticiúla: Taighde, Léiriúchán, Scriptscríbhneoireacht, Láithreoireacht srl. do chláracha raidió pobail agus don teilifís i nGaeilge

An Amhránaíocht Dhúchasach: (a) Taighde & Staidéar ar an Amhránaíocht Dhúchasach i nGaeilge & i mBéarla agus (b) Foghlaim agus Múineadh na nAmhrán Dúchasach.

Cuimsíonn na modúil sna cúrsaí thuasluaite réimse leathan scileanna agus ábhar a bhfuil taithí fhorleathan agus speisialtóireacht ag Antaine iontu.

Recent Conference Papers/Presentations

  • Ó Faracháin, Antaine (2008, 2009): ‘From the heart: traditional song in Ireland and some terminology used to describe and define it.’ Society for Musicology in Ireland Annual Conference, Waterford Institute of Technology, 11 May 2008 and by invitation at National University of Ireland Maynooth,  20 February 2009.
  • Ó Faracháin, Antaine (2012): ‘Suggested ways of looking at repertoire in traditional song in Ireland.’ Society for Musicology in Ireland Annual Conference, Dundalk Institute of Technology, 15 - 17 June 2012.
  • Ó Faracháin, Antaine (2012): ‘Stór mo chroí: Bealaí difriúla le breathnú ar repertoire in amhránaíocht dhúchasach na hÉireann’ Comhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge, Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (NUIG), 13 Deireadh Fómhair 2012.
  • Ó Faracháin, Antaine (2013): ‘Emotion and honesty in traditional song in Ireland.’ Society for Musicology in Ireland Annual Conference, National University of Ireland Maynooth, 21-23 June 2013.
  • Ó Faracháin, Antaine (2013): ‘Mothúcháin agus macántacht in amhránaíocht dhúchasach na hÉireann’ Comhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge, Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (NUIG), 12 Deireadh Fómhair 2013.

Publications

  • Leabhar Mór na nAmhrán (2013) Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta – Taighdeoir agus saineolaí. (Leabhar Gaeilge na Bliana 2013)
  • Encyclopaedia of Music in Ireland Eagarthóirí Barra Boydell & Harry White, UCD Press (2013) - Taighdeoir agus saineolaí.
  • Beo go Deo (1996-2005) Baile Átha Cliath: Veritas - Saineolaí, cumadóir agus aistritheoir.
  • Confirm us today (2006) (Curtha le chéile ag Mary Nugent agus Patricia Hegarty) Baile Átha Cliath: Veritas - Saineolaí, cumadóir agus aistritheoir.
  • Foinse(1999-2001) – Nuachtán Gaeilge.
    • Cuisle (1998-2000) – Iris Ghaeilge.
    • Beo (2001-2008) - www.beo.ie  Iris Ghaeilge ar líne.
    • An Píobaire, (2004-2006) – Iris.

Tá taighde, léiriú agus láithreoireacht déanta ag Antaine ar líon mór cláracha agus sraitheanna Raidió agus Teilifíse:

 

  • ‘Leic a’ Teallaigh’(RTÉ RnaG, 1999, 2000) - Rinne sé taighde, taifeadadh, léiriú agus láithriú ar an dá shraith seo de 6 chlár raidió ar an gceol agus ar an amhránaíocht dhúchasach do RTÉ Raidió na Gaeltachta.
  • ‘An Gob Fliuch’ (Raidió na Life, 1993 go dáta) - Déanann sé taighde, taifeadadh, léiriú agus láithriú ar an gclár beo seachtainiúil raidió seo faoin gceol agus faoin amhránaíocht dhúchasach atá á chraoladh ar Raidió na Life ó 1993 i bpríomh-am sceidil.
  • ‘Coiscéimeanna Ceoil’ (TnaG/TG4, 1996) - Rinne sé taighde, scriptscríbhneoireacht agus láithriú ar an sraith seo de 6 chlár teilifíse faoin amhránaíocht dhúchasach.
  • ‘Bláth na Sú Craobh’(TG4, 2000) - Rinne sé taighde, scriptscríbhneoireacht, láithriú agus comhléiriú ar an sraith seo de 6 chlár teilifíse X 30 nóiméad faoin amhránaíocht dhúchasach.
  • ‘Amhráin is Ansa Liom’ (TG4, 2010, 2011) - Rinne sé taighde, scriptscríbhneoireacht agus láithriú ar an dá shraith teilifíse seo a raibh 20 clár X 30 nóiméad iontu agus a bhain leis an amhránaíocht dhúchasach. Craoladh na cláracha seo i bpríomh-am sceidil agus bhí 40 clár ann ina iomláine.

 

Image for Antaine Ó Faracháin