Ceithre mhórghradam meán do mhic léinn OT Baile Átha Cliath

Published: 22 Meith, 2021

Fógraíodh faighteoirí ghradaim bhliantúla na SMEDIAs d’iriseoireacht mac léinn ar an 02 Meitheamh le mic léinn iriseoireachta agus grianghrafadóireachta OT Baile Átha Cliath ag buachan i gceithre mhórchatagóir.

Ainmníodh Rebecca Daly, ó rang na mac léinn Iriseoireachta atá ag baint céim amach i mbliana, mar Eagarthóir na Bliana don fhoilseachán Iriseoireachta 4ú Bliain The Dawning. Rinne an Irish Independent urraíocht ar an duais agus ba é Fionnan Sheahan, Eagarthóir an pháipéir a rinne breithiúnas air. Dúirt Rebecca go raibh sé mar chuspóir aici agus eagarthóireacht á déanamh aici ar The Dawning iarracht a dhéanamh scéalta nach raibh mórán clúdaigh faighte acu in áiteanna eile a léiriú agus ‘dearcthaí spéisiúla a aimsiú agus scéalta nua a insint’. Bhí Rebecca ina hEagarthóir chomh maith ar an gcéad dhá eagrán de IrisZine, an chéad iris dhátheangach ag OT Baile Átha Cliath.

Aibhsíodh an tábhacht a bhaineann le bheith in ann cumarsáid eolaíoch a dhéanamh le lucht féachana ginearálta le 12 mhí anuas ina raibh eolaithe chun tosaigh le míniú a thabhairt ar an bpaindéim COVID-19 i dteanga an ghnáthdhuine. Ar an ábhar sin, is gradam thar a bheith tráthúil é Gradam SFI d’iriseoireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta agus bhí an buaiteoir ar dhuine de na rannpháirtithe ar an iris The Dawning, Megan O’Brien, atá ag baint céim san Iriseoireacht amach i mbliana chomh maith.

Tá an raidió tar éis a bheith mar cheann de na meáin is fearr le daoine riamh in Éirinn ach leis an bhfás ó thaobh cláir faisnéise agus podchraoltaí de tá sé anois ina dhídean ó chúrsaí reatha. Ba í Aoife Kearns an buaiteoir sa chatagóir Raidió – Ealaíona agus Gné-altanna as a clár Remembering Mary.

Sa cheathrú mórghradam do mhac léinn OT Baile Átha Cliath, bronnadh teideal Grianghrafadóir na Bliana ar Jana Bulochova as a cuid oibre Faceless Affection.

Ag déanamh comhghairdeas le Rebecca, Megan, Aoife agus Jana, dúirt Hugh McAtamney, Ceann Scoil na Meán, go raibh ríméad air go raibh na SMEDIAs tar éis aitheantas a thabhairt dá gcuid oibre. “Tá obair iontach déanta agaibh uilig, in ainneoin na ndúshlán a bhí ann le bliain anuas. Tá clú is cáil ar an Scoil le fada ó thaobh na hiriseoireachta agus grianghrafadóireachte de agus ba í an chéad institiúid tríú leibhéal í chun cláir ar leibhéal céime a chruthú le go mbeifí in ann iriseoirí agus cumarsáideoirí a fhorbairt a bheadh cumasach, gairmiúil agus ionraic. Leanfaidh sibh féin agus bhur gcuid comh-mhic léinn leis an traidisiún sin sna gairmeacha a bheidh agaibh amach anseo agus, ag an am céanna, tabharfaidh sibh libh fuinneamh nua agus bhur bhfís féin chuig cibé rud a dhéanfaidh sibh sa todhchaí. Comhghairdeas mór libh as bhur gcuid éachtaí agus guím gach rath oraibh."