Tá rudaí beagáinín difriúil i mbliana arís ach tá sé chomh tábhachtach céanna go bhfanann muid i dteagmháil agus go leanann muid orainn leis an gcaint!
Conas Atá TÚ
Cuirtear fáilte romhat a bheith páirteach i gcomhrá ar Microsoft Teams dóibhsean a bhfuil grá acu don Ghaeilge, is cuma faoin leibhéal cumais atá agat. Má thaitníonn sé go mór leat a bheith ag úsáid do chuid Gaeilge, sínigh suas anseo do ghrúpa comhrá agus seolfaidh muid an nasc chugat don ghrúpa is fearr a oireann duit - bealach iontach le bualadh le daoine nua ó chúrsaí agus blianta difriúla, nó comhghleacaithe ó rannóga éagsúla, agus a bheith ag clabaireacht: Foirm Conas Atá TÚ?
Eagrófar grúpaí difriúla dóibhsean gan aon Ghaeilge nó is ar éigean go bhfuil aon Ghaeilge acu (go fóill), dóibhsean a bhfuil an cúpla focal acu agus dóibhsean atá muiníneach agus iad i mbun cainte as Gaeilge - beidh craic againn sna comhráite agus táimid ag súil le bualadh libh ar líne!