Comhordaíonn Oifig na Gaeilge an tseirbhís aistriúcháin Ghaeilge d’Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus soláthraítear treoir maidir leis an ábhar nach mór dó a bheith ar fáil ar fud na hOllscoile i bhformáid dhátheangach de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranra do chúrsaí comharthaíochta, stáiseanóireachta agus fógraí réamhthaifeadta ó bhéal.

Déantar aistriúcháin go hinmheánach in Oifig na Gaeilge agus, chomh maith leis sin, nuair is gá ó thaobh acmhainní de, déantar bainistíocht ar iarratais aistriúcháin a sheoltar chuig comhlacht seachtrach aistriúcháin. Ba chóir ábhar ar bith nach mór dó a bheith ar taispeáint go dátheangach a sheoladh chuig Oifig na Gaeilge i gcónaí le léamh profaí a dhéanamh air.

Seol r.phost chuig gaeilge@tudublin.ie le haon cheisteanna nó iarratais a bhíonn agat.