Dualgais Dhlíthiúla
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Ní mór do OT Baile Átha Cliath cloí leis na freagrachtaí dlíthiúla atá uirthi de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is é príomhaidhm an Achta ná a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus normalú a dhéanamh ar rogha ghníomhach an tsaoránaigh cibé teanga oifigiúil, an Ghaeilge nó an Béarla, ar mian leo a úsáid. Mar chomhlacht poiblí, ní mór do OT Baile Átha Cliath an méid seo a chinntiú:
- ní mór do chomhartha ar bith, a bhíonn le feiceáil go sealadach nó go buan, a bheith go hiomlán dátheangach leis an téacs Gaeilge ar dtús
- ní mór do stáiseanóireacht ar bith a bheith go hiomlán dátheangach leis an téacs Gaeilge ar dtús
- ní mór d'fhógraí taifeadta béil ar bith ó sheirbhísí inmheánacha a bheith go hiomlán dátheangach (amhail teachtaireachtaí glórphoist teileafóin nó beannachtaí nuair nach bhfuiltear san oifig – níl dualgas ar bhaill foirne a gcuid teachtaireachtaí glórphoist pearsanta féin a bheith dátheangach)
- go dtugtar freagra ar gach cumarsáid, i scríbhinn nó trí ríomhphost, sa teanga oifigiúil ina bhfuarthas an chumarsáid
- go mbeidh aon fhaisnéis a sholáthraítear don phobal i gcoitinne, tríd an bpost nó go leictreonach, go hiomlán dátheangach
- go bhfoilseofar doiciméid áirithe go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla, is iad sin tograí beartais poiblí, tuarascálacha bliantúla, ráitis airgeadais nó cuntais iniúchta agus ráitis straitéise.
Má theastaíonn cúnamh uait le haistriúcháin nó le foghraíocht, seol ríomhphost chuig gaeilge@tudublin.ie.
Próiseas Ceapacháin le haghaidh Chathaoirleach an Tascghrúpa um Acht na dTeangacha Oifigiúla
Cúlra
Tá OT Baile Átha Cliath tiomanta do chomhlíonadh iomlán Achtanna na dTeangacha Oifigiúla (2003 agus 2021) agus tá Meitheal Acht na dTeangacha Oifigiúla á bhunú aige. Déanfaidh an mheitheal athbhreithniú ar chomhlíonadh, sainaithneoidh sí feabhsuithe, agus déanfaidh sí moltaí don Fhoireann Feidhmiúcháin Ollscoile chun seirbhísí dátheangacha a fheabhsú. Is é an chéad chéim ná Cathaoirleach a cheapadh trí phróiseas Léirithe Spéise.
Glao ar Léirithe Spéise
Eiseofar glao oscailte ar Léirithe Spéise chun iarrthóir oiriúnach a shainaithint le haghaidh ról Chathaoirleach na Meithle.
- Is post ceannaireachta deonach é sin lena ngabhann freagracht as an gcur chuige a ghlacann OT Baile Átha Cliath i leith a oibleagáidí faoi na hAchtanna a chomhlíonadh a threorú agus as cultúr dátheangachais agus cuimsithe a chothú.
- Leagfar amach sa ghlao an ról, na freagrachtaí agus na cáilíochtaí riachtanacha, lena n-áirítear a chur in iúl go bhfuil líofacht sa Ghaeilge rí-inmhianaithe.
Athbhreithniú an Phainéil Roghnúcháin
Is é painéal roghnúcháin a bheidh comhdhéanta de na daoine seo a leanas a dhéanfaidh athbhreithniú ar iarratais:
- Uachtarán OT Baile Átha Cliath,
- An Príomhoifigeach Cumarsáide agus Margaíochta, agus
- Oifigeach na Gaeilge.
Déanfaidh an painéal measúnú ar gach aighneacht i gcomparáid le próifíl an iarrthóra, a n-áirítear na nithe seo a leanas léi:
- Eolas ar Achtanna na dTeangacha Oifigiúla agus ar a n-ábharthacht don ardoideachas.
- Scileanna cruthaithe ceannaireachta, eagrúcháin agus cumarsáide.
- Cumas chun caidreamh agus comhoibriú a dhéanamh le raon leathan geallsealbhóirí.
- Tiomantas láidir do dhátheangachas agus cuimsiú a chur chun cinn ar fud OT Baile Átha Cliath.
Moladh agus Ceapachán
Tar éis an athbhreithnithe, déanfaidh an tUachtarán ceapachán. A luaithe a bheidh sé nó sí ceaptha:
- Beidh an Cathaoirleach i gceannas ar bhunú na Meithle, lena n-áireofar an próiseas ainmniúcháin agus ceapacháin le haghaidh 18 gcomhalta na Meithle, ag obair dó nó di i ndlúthchomhar le hOifigeach na Gaeilge.
- Déanfaidh an Cathaoirleach formhaoirseacht ansin ar obair an ghrúpa, á chinntiú go gcomhlíonfar cuspóirí agus go gcuirfear tuarascálacha faoi bhráid na Foirne Feidhmiúcháin Ollscoile.
Léiriú Spéise: Cathaoirleach ar Mheitheal Acht na dTeangacha Oifigiúla
Tá OT Baile Átha Cliath ag lorg Léirithe Spéise do ról Chathaoirleach ar Mheitheal Acht na dTeangacha Oifigiúla, a bunaíodh chun athbhreithniú a dhéanamh ar conas atá an Ollscoil ag comhlíonadh Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021, agus chun moltaí straitéiseacha a dhéanamh le haghaidh seirbhísí dátheangacha agus cumarsáid dhátheangach a fheabhsú ar fud na hOllscoile. Is ról deonach breise é sin a dhéantar i dteannta na ndualgas atá ann cheana, agus níl aon liúntas ualaigh oibre ag gabháil leis. Tá sé ina dheis príomhról ceannaireachta a imirt sa chur chuige a ghlacann OT Baile Átha Cliath i leith a oibleagáidí reachtúla faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh a mhúnlú, agus cultúr dátheangachais agus cuimsithe á chothú ar fud an phobail Ollscoile ag an am céanna. Maidir leis an Meitheal
Déanfaidh Meitheal Acht na dTeangacha Oifigiúla:
- Athbhreithniú a sheoladh ar conas atá OT Baile Átha Cliath ag comhlíonadh na nAchtanna (Achtanna na dTeangacha Oifigiúla) faoi láthair.
- Réimsí a bhfuil feabhas ag teastáil iontu a shainaithint, agus gníomhartha molta a chur ar aghaidh chun aghaidh a thabhairt orthu sin.
- Moltaí a fhorbairt le haghaidh struchtúr buan formhaoirseachta chun comhlíonadh leanúnach a chinntiú.
- Tuarascáil ina bhfuil bearta inghníomhaithe le haghaidh feabhais a chur faoi bhráid na Foirne Feidhmiúcháin Ollscoile lena breithniú.
Beidh ionadaithe ó dhámha, seirbhísí gairmiúla agus Aontas Mac Léinn OT Baile Átha Cliath sa ghrúpa, agus 18 gcomhalta ar a mhéad ann.
Ról an Chathaoirligh
Déanfaidh an Cathaoirleach:
- Bunú na Meithle a stiúradh, lena n-áireofar an próiseas ainmniúcháin a bhainistiú i gcomhar le hOifigeach na Gaeilge i gcomhréir lena Théarmaí Tagartha – féach thíos.
- Obair na Meithle a stiúradh agus a chomhordú i gcomhréir lena Théarmaí Tagartha – féach thíos.
- Ceapacháin chuig an Mheitheal a lorg agus a mholadh chun saineolas cothromaithe agus ionadaíocht chothromaithe a chinntiú.
- A chinntiú go gcuirfear cuspóirí an ghrúpa i gcrích go tráthúil agus go ndéanfar tuairisciú don Fhoireann Feidhmiúcháin Ollscoile go tráthúil.
- Plé cuiditheach agus cinnteoireacht chuiditheach a éascú laistigh den ghrúpa.
- An vóta réitigh a shealbhú i gcás cinneadh cothrom.
Próifíl an Iarrthóra
Maidir leis an iarrthóir is fearr:
- Beidh eolas aige nó aici ar Achtanna na dTeangacha Oifigiúla agus ar a n-ábharthacht don ardoideachas.
- Taispeánfaidh sé nó sí scileanna cruthaithe ceannaireachta, eagrúcháin agus cumarsáide.
- Beidh sé nó sí tiomanta do dhátheangachas agus cuimsitheacht a chur chun cinn ar fud OT Baile Átha Cliath.
- Beidh an cumas aige nó aici chun caidreamh agus comhoibriú a dhéanamh le raon leathan geallsealbhóirí.
- Cé nach bhfuil líofacht sa Ghaeilge ina riachtanas, tá sí an-inmhianaithe.
An Próiseas Iarratais
Iarrtar ar dhaoine aonair ar spéis leo an méid seo a leanas a chur isteach:
- Ráiteas (500 focal ar a mhéad) ina leagtar amach a dtaithí ábhartha, a scileanna ceannaireachta, agus a bhfís d’obair na Meithle.
- CV atá cothrom le dáta.
- Seol d’iarratas chuig gaeilge@tudublin.ie faoin 17 Samhain.
An Próiseas Roghnúcháin
Déanfaidh painéal beag roghnúcháin, a mbeidh an tUachtarán, an Príomhoifigeach Cumarsáide agus Margaíochta agus Oifigeach na Gaeilge ann, athbhreithniú ar iarratais agus cuirfidh sé moladh ceapacháin faoi bhráid na Foirne Feidhmiúcháin Ollscoile.
Téarmaí Tagartha
Terms of Reference - Official Languages Act Task Group
Tá dualgas reachtúil ar OT Baile Átha Cliath forálacha sonracha a dhéanamh maidir le seirbhísí dátheangacha a sheachadadh ar bhealach comhleanúnach comhaontaithe trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar ‘scéim’, nó mar atá á leasú faoi láthair sa reachtaíocht, don rud a ndéantar tagairt dó mar ‘chaighdeán’. Chun ullmhú do na caighdeáin nua a bhfuiltear ag súil leo, molaimid an méid seo a leanas:
- go mbeadh gach córas nua TFC in ann ainm duine, is an seoladh nó teideal sa Ghaeilge acu a thaifeadadh i gceart, .i. go bhfuiltear in ann síntí fada a thaifeadadh ar ghutaí leithéidí Seán Ó Dúill seachas Sean O Duill
- go mbeadh aon fhoirm nua atá á cruthú go hiomlán dátheangach, leis an téacs Gaeilge ar dtús
- go mbeadh aon lógó atá á athnuachan nó á athrú go hiomlán dátheangach, leis an téacs Gaeilge ar dtús