Tá sé mar aidhm ag Oifig na Gaeilge gach tacaíocht a chur ar fáil do mhic léinn Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath chun a chinntiú go soláthraítear deiseanna dóibh chun a gcuid Gaeilge a úsáid go sóisialta is go cruthaitheach agus iad i mbun staidéir ag an tríú leibhéal. Déantar é seo trí mhodhanna éagsúla. 

 

Tá IrisZine mar an chéad iris dhátheangach ag OT Baile Átha Cliath. Is é an sprioc atá againn ná ábhar spéisiúil, ábhartha agus uileghabhálach a chruthú in the Irish language do mhic léinn. Táimid tiomanta do mhic léinn a spreagadh lena gcuid cúpla focal a úsáid. Bímid anseo in OT Baile Átha Cliath ag déanamh iarrachtaí leanúnacha chun an tionchar a bhíonn againn ar an timpeallacht a laghdú agus ar an ábhar sin bheartaigh muid ár n-iris a roinnt libh ar fad on line.

Is scríbhneoirí cruthaitheacha, atá ina mic léinn reatha agus alumni, atá mar fhoireann eagarthóireachta IrisZine agus atá i mblianta, cúrsaí agus áiteanna éagsúla, ach a bhfuil rud amháin i bpáirt acu - a love for the language! Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn nó a bheith ag scríobh do IrisZine, seol ríomhphost chugainn ag gaeilge@tudublin.ie.

Is aoibhinn linn an fhéith chruthaitheach atá ag ár gcuid mac léinn anseo in OT Baile Átha Cliath agus tá muid ag cur tús le togra nua - TÚ@TUDublin. Tá muid sa tóir ar mhic léinn le bheith mar bhaill de chriú nó d’fhoireann Ghaeilge a chruthóidh go leor smaointe iontacha is ábhar leis an nGaeilge a chur chun cinn ar bhealach digiteach i mbliana toisc go mbeidh muid ar líne go ceann tamall fada! Is féidir le mic léinn obair leo féin nó i ngrúpaí ar thionscnamh nó tionscnaimh dhifriúla agus iarrtar orthu iarratas a chur isteach anseo: Foirm TÚ@TUDublin

Cuireann muid fáilte roimh níos mó ná iarratas amháin ó mhac léinn nó grúpa mac léinn agus molann muid go dtugann tú mionsonraí. Tá smaointe is ábhar á lorg againn faoi conas go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith níos feiceálaí duit féin agus tú mar mhac léinn ollscoile in OT Baile Átha Cliath – agus do mhic léinn eile chomh maith.

Beidh mic léinn rathúla mar chuid den fhoireann TÚ@TU ag obair leo féin ar thionscnamh faoi leith, nó d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh suim acu a bheith ag obair ar thionscnamh eile chomh maith – beidh an togra seo thar a bheith solúbtha toisc go dtuigtear go mbíonn raon leathan d’uaireanta oibre a oireann do mhic léinn éagsúla (íosmhéid de 5 huaire an chloig go huasmhéid 30 uair an chloig an duine agus is féidir na huaireanta seo a scaipeadh trasna tionscnaimh dhifriúla). Íocfar mic léinn as na huaireanta oibre a dhéanann siad agus ba bhreá linn iarratais a fheiceáil ó gach mac léinn in OT Baile Átha Cliath, uathusan atá líofa go hiadsan nach bhfuil muiníneach agus iad á labhairt ach go bhfuil grá mór acu don Ghaeilge! 

Tá muid ag súil go mór le bhur gcuid smaointe a léamh #TÚ@TUDublin