Cuireann Oifig na Gaeilge, i gcomhar le Forbairt Foirne, ranganna ginearálta Gaeilge saor in aisce ar fáil do bhaill foirne agus do mhic léinn Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath gach seimeastar.

Tá ranganna Eanáir - Márta 2022 lán anois, le d'ainm a chur ar liosta feithimh, seol ríomhphost chuig gaeilge@tudublin.ie

Ranganna iad seo a bhíonn ar siúl ar feadh 8 seachtaine gach seimeastar agus a:

Bíonn clár imeachtaí sóisialta is cultúrtha trí mheán na Gaeilge eagraithe ag Oifig na Gaeilge chomh maith gach seimeastar chun tacú leis na ranganna - coimeád súil amach do na cupáin tae a bheidh ar siúl ar líne i mbliana le Conas Atá TÚ?

 

  • Is í an Ghaeilge teanga náisiúnta na hÉireann agus teanga atá á labhairt ar an oileán le breis is 2000 bliain!
  • Tá seans ann gur fhoghlaim tú an Ghaeilge na blianta fada ó shin ach ba mhaith leat anois iarracht a dhéanamh í a athfhoghlaim ar bhealach níos réchúisí is cumarsáidí?
  • B’fhéidir gur ball foirne thú atá ag iarraidh a bheith níos féinmhuiníní má chuirtear ceist ort seirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge?
  • Nó b'fhéidir gur duine thú le páiste scoile agus tá tú ag iarraidh cúnamh agus cabhair a thabhairt leis an obair bhaile?
  • Nó b'fhéidir gur mac léinn thú atá ag smaoineamh ar ghairm le Gaeilge?
  • Anuas air sin, b’fhéidir gur mac léinn idirnáisiúnta thú atá ag iarraidh ciall a bhaint as na comharthaí dátheangacha i ngach áit agus beagáinín a fhoghlaim faoi theanga dhúchais na hÉireann?!

Más amhlaidh, bí linn agus glac páirt sna ranganna!

Caith súil ar Amchlár na Ranganna Gaeilge agus Cláraigh don rang is fearr a oireann duit le do thoil.

Má bhíonn tuilleadh ceisteanna agat, seol r.phost chuig gaeilge@tudublin.ie.

Bunrang 1

Dírithe orthu siúd nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge. Níl an leibhéal seo oiriúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil. Faoi dheireadh an chúrsa, beidh rannpháirtithe ábalta páirt a ghlacadh i gcomhráite simplí laethúla agus beidh eolas bunúsach acu ar an ngramadach.

Bunrang 2

Oiriúnach do dhaoine a rinne cúpla cúrsa ag an mbonnleibhéal cheana féin nó atá ábalta cumarsáid bhunúsach a dhéanamh, e.g. beannú do dhaoine, iad féin a chur in aithne. Bíonn an bhéim sa chúrsa seo ar scileanna labhartha agus éisteachta a fhorbairt agus déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs den chuid is mó.

Meánrang 1

Oiriúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Bíonn an bhéim ar scileanna labhartha agus éisteachta a fhorbairt ach bíonn deiseanna ag na foghlaimeoirí an teanga a scríobh agus a léamh ó am go chéile freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Meánrang 2

Feiliúnach do dhaoine atá breá ábalta comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge agus a úsáideann í ó am go chéile – go sóisialta, mar shampla. Bíonn seans ag na rannpháirtithe cur lena stór focal agus lena n-eolas ar ghramadach na teanga. Déantar plé ar thopaicí níos casta ná na cinn a bhíonn i gceist i Meánrang 1 agus bíonn níos mó béime ar an léitheoireacht ná mar a bhíonn sa leibhéal níos ísle sin.

Ardrang 1

Dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu ach nach bhfuil an oiread sin taithí acu ar a bheith ag labhairt faoi thopaicí dúshlánacha (cúrsaí reatha agus cúrsaí teicneolaíochta, cuir i gcás). Bíonn seans ag na rannpháirtithe cur lena saibhreas teanga, leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach agus roinnt mhaith léitheoireachta agus éisteachta a dhéanamh.

Fós beagáinín neamhchinnte? Caith súil ar an scrúdú measúnaithe ar líne atá ag Gaelchultúr le cabhrú leat!

Eanáir - Márta 2022

Amchlár
Bunrang 1 Máirt 17:15-18:15 
Bunrang 2 Luan 17:15-18:15
Meánrang 1 Máirt 13:00-14:00
Meánrang 2 Céadaoin 13:00-14:00
Ardrang 1 Luan 17:15-18:15


Seimeastar 2

  • Tús na Ranganna: 24 January 2022

Tá ranganna Eanáir - Márta 2022 lán anois, le d'ainm a chur ar liosta feithimh, seol ríomhphost chuig gaeilge@tudublin.ie