Ar mhaith leat cáilíocht a bhaint amach sa Ghaeilge? Cuireann Teastas Eorpach na Gaeilge sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Tugann scrúduithe TEG deis d’iarrthóirí, ó ghlantosaitheoirí go leibhéal ardchumais, a gcumas a dheimhniú sa labhairt, sa chluastuiscint, sa léitheoireacht agus sa Ghaeilge scríofa. Is féidir teacht ar níos mó eolais ar shuíomh gréasáin TEG faoi na scrúduithe leithéidí dátaí, ionaid agus spriocdhátaí.

Má theastaíonn uait cáilíocht a bhaint amach sa Ghaeilge agus tabhairt faoi scrúdú TEG, caithfidh tú clárú agus táillí a íoc le Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad go díreach thú féin. Moltar duit Foirm Iarratais Tháille TEG OT Baile Átha Cliath a líonadh amach sula gcláraíonn tú le Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad agus déanfar measúnú ar d'iarratas.

Má fhaomhaítear d'iarratas, íocfaidh Oifig na Gaeilge an t-airgead ar ais le baill foirne agus mic léinn OT Baile Átha Cliath a chláraíonn, a íocann as agus a dhéanann Scrúduithe TEG agus a sheolann ríomhphost chuig Oifig na Gaeilge ag gaeilge@tudublin.ie le cruthúnas ar íocaíocht go hOllscoil Mhá Nuad. Gheobhaidh baill foirne a gcuid airgid ar ais tríd an gcóras CORE Expenses agus eagrófar Ríomhaistriú Airgid (EFT) do mhic léinn.

Iarratas: Foirm Iarratais Tháille TEG