Leibhéil 3-6 Creat Náisiúnta Cáilíochta

Tá clár nua páirtaimseartha, an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil á thairiscint ag Oifig na Gaeilge i gcomhar le Gaelchultúr Teo. do bhaill foirne a bhíonn ag plé leis an bpobal go rialta agus a oibríonn i Seirbhísí na Mac Léinn, sa Leabharlann agus san Oifig Eastát.

Beidh deis ag na baill foirne a thugann faoin Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil sainteanga a fhoghlaim a bhaineann go dlúth lena gcuid oibre agus cáilíocht aitheanta a bhaint amach ag an am céanna. Má tá spéis agat, seol ríomhphost chuig gaeilge@tudublin.ie