Leideanna is Fearr le d’fhoirm CAO a líonadh amach

Published: 19 Aib, 2021

Ós rud é go bhfuil d’iarratas curtha isteach agat, cuir an t-am i leataobh idir seo agus an spriocdháta athraithe intinne le hathbhreithniú a dhéanamh ar do chuid roghanna. Seo iad ár gcuid leideanna is fearr!

Roghnaigh an méid is féidir leat!

Tá 20 rogha cúrsa agat ar an CAO, deich rogha ag Leibhéal 8 agus deich rogha ag Leibhéal 6/7. Tairgfear ceann ó liosta Leibhéal 8 agus ceann ó liosta Leibhéal 6/7 duit. Le rogha níos leithne a thabhairt duit féin nuair a thagann an t-am is fiú a chinntiú go líonann tú gach spás ar fáil duit ar an bhfoirm CAO.

An tAislingeach, an Réalaí agus an Baincéir!

Líon isteach do chuid roghanna is fearr ó 1-4 cosúil le hAislingeach – más rud é nach raibh tú ag smaoineamh ar na pointí, cad ba BHREÁ leat staidéar a dhéanamh air? Níl aon ní le cailleadh agat má chuireann tú na cúrsaí ba bhreá leat a dhéanamh ag barr do liostasa in ord tosaíochta. Feidhmíonn an CAO trí phróiseas díothaithe a thosaíonn le hUimh. 1 ar do liosta. Ní bheidh tú ar an eolas faoi na torthaí Ardteistiméireachta a gheobhaidh tú ar an lá agus cén chaoi a n-athróidh na pointí.

Ina dhiaidh sin, cad iad na cúrsaí agus na pointí a ghabhann leo a cheapann tú atá rud beag níos réadúla maidir leis na pointí a bhfuil tú ag súil leo agus a d’fhéadfá a fháil. Cuir na cúrsaí seo sa LÁR ag roghanna 3-8 (ar ndóigh in ord tosaíochta!). Ná déan dearmad; Níl aon ní le cailleadh agat má chuireann tú níos faide síos an liosta iad fad is atá gach rud in ord tosaíochta! 

Bí mar bhaincéir chomh maith. Sna 3-4 roghanna deireanacha a bhíonn agat, líon isteach cúrsaí a d’fhéadfá a dhéanamh agus a dhéanfá agus a bhaineann leis na spriocanna oibre atá agat. I gcás roinnt cúrsaí, bíonn roghanna ann le cabhrú leat dul chun cinn agus aistriú a dhéanamh nuair a bheidh roinnt blianta déanta agaibh sa choláiste. Smaoinigh orthu mar chineál bealach lúbach leis an áit ar mian leat a bhaint amach a shroicheach. Mar sin, ná cuir na cúrsaí gaolmhara seo as an áireamh. 

Cuir ceisteanna faoi na cúrsaí uilig!

Is fiú eolas a lorg ó éinne a ritheann leat – an coláiste, an treoirchomhairleoir agat, do thuismitheoirí, do chuid cairde agus daoine a bhfuil aithne agat orthu sa choláiste cheana féin. Tá eolas ar na cúrsaí go léir ar fáil duit, agus bí cinnte go gcuireann tú aon cheist a bheadh agat.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí staidéir in OT Baile Átha Cliath, tar go dtí an Lá Oscailte Earraigh a bheidh againn Déardaoin, 22 Aibreán, ó 5.30 – 7.30pm.