Public Art Now Conversations, 24-26 Meitheamh

Published: 13 Beal, 2021

Is imeacht nua iontach ar líne é Public Art Now Conversations a phléann an chaoi a bhfuil an tírdhreach ó thaobh Ealaín Phoiblí de ag athrú anois agus an chaoi a mbeidh sé sna blianta fada amach romhainn, Meitheamh 24-26, 2021.

Bhí sé i gceist ag Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus Ealaín Phoiblí Ghráinseach Ghormáin Comhdháil Ealaíne Poiblí ar scála mór a sheachadadh sa bhliain 2019, spreagtha cuid mhaith ag campas nua OT Baile Átha Cliath – an infheistíocht is mó i réimse an oideachais in Éirinn le 50 bliain anuas, laistigh de phobal bríomhar Ghráinseach Ghormáin. B’éigean dúinn áfach an dáta bunaidh don chomhdháil a chur siar toisc na paindéime COVID-19 cosúil le go leor imeachtaí náisiúnta is idirnáisiúnta eile, agus rinneadh athmhachnamh ar na cúinsí a cheadódh dúinn teacht le chéile.

Mar fhreagairt ar na dúshláin seo agus an neamhchinnteacht atá fós ann maidir le daoine ag teacht le chéile, táthar an-sásta a fhógairt go bhfuil an t-imeacht á athsheoladh mar Public Art Now Conversationsclár struchtúrtha ina bheidh sé chomhrá ar líne á stiúradh ag cleachtóirí idirnáisiúnta. Beidh an t-imeacht á óstáil ag OT Baile Átha Cliath agus ceiliúrann sé ról na hollscoile sa chlár ealaíne poiblí “… an saol a chaitheann muid”. Tá machnamh déanta ag Ceann Scoil na nEalaíon Cruthaitheach, Kieran Corcoran, ar “thráthúlacht” na comhdháile.  Dúirt sé, “go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh imeacht ann agus Lárionad na nEalaíon Cruthaitheach á oscailt ar champas Ghráinseach Ghormáin a léiríonn an uaillmhian atá ann áit a chruthú a bhreathnaíonn amach agus a thuigeann an ról atá le himirt ag ealaín is cultúr sa phobal i gcoitinne”. 

Cruthaíonn ealaín phoiblí, mar chuid de chleachtais ealaíne éagsúla,  deiseanna comh-rannpháirtíochta agus féinléirithe, machnamh stairiúil is plé pobail. Cuireann sé lenár gcuid toipeolaíochtaí sóisialta, spásúla agus polaitiúla trí mhúnlaí sóisialta nua a mholadh a fheabhsaíonn bonneagar fisiciúil agus a oibríonn le dearadh. Níos mó ná riamh, agus breis is tríocha bliain caite den 21 haois, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta agus timpeallachta nach bhfacthas riamh cheana. Tá an phaindéim le gairid COVID-19 agus an sealad geolaíoch Antrapaicéineach i láthair na huaire, domhandú gan srian agus fórsaí náisiúnachais atá ag dul i neart ag cur comhthéacsanna nua ar fáil chun ról na n-ealaíon poiblí sa tsochaí a mheas. Sa chomhthéacs seo, fiosróidh Public Art Now Conversations conas a thugann ealaín phoiblí aghaidh ar chastacht ár gcuid timpeallachtaí cultúrtha agus nádúrtha agus conas a thacaíonn beartas is teoiric reatha leis na gníomhartha seo.

Tá sé saor in aisce páirt a ghlacadh san imeacht seo ar líne ach caithfear ticéad a chur in áirithe roimh ré trí Eventbrite

Le tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar PublicArtNow.eu nó seol r.phost chuig PublicArtNow@tudublin.ie.