Seachtain na Gaeilge in OT Baile Átha Cliath

Published: 4 Márta, 2021

Agus tá Gaeilge le cloisteáil in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath?

Gan dabht – bíonn an teanga le cloisteáil sna háiteanna is mó nach mbeifeá ag súil leis san Ollscoil! Beidh Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh i mbliana ó 1-17 Márta agus beidh go leor imeachtaí á reáchtáil go náisiúnta chun úsáid na Gaeilge a spreagadh. Mar a deir Imelda May, duine de na hambasadóirí don fhéile na bliana seo, “…mo theanga go deo, for Gaeilge my soul”.

Caith súil ar na Ranganna Gaeilge atá saor in aisce do bhaill foirne agus do mhic léinn uile na hOllscoile, buail isteach ar chomhrá agus cupán tae le Conas Atá TÚ agus lean Oifig na Gaeilge ar na meáin shóisialta le tú féin a thumadh sa teanga... agus d’fhíseáin is comórtais chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh! Celebrate Gaeilge, Úsáid an Ghaeilge....

#FéidearthachtaíAsCuimse