Contact
Gráinne Ní Bhreithiún

Oifigeach na Gaeilge – Irish Language Officer
Email: gaeilge@tudublin.ie
Ceapadh Gráinne Ní Bhreithiún mar Oifigeach na Gaeilge in 2014, ag tosú inár bhfoireann i nGráinseach Ghormáin. Roimhe seo, bhí PhD curtha i gcrích ag Gráinne in Ollscoil Mhá Nuad, áit a ndearna sí imscrúdú ar nádúr an dátheangachais shochaíoch in Éirinn agus tarraingíonn sí ar an taighde seo ina ról in OT Baile Átha Cliath. Tá Gráinne, as Baile Átha Cliath, tumtha sa Ghaeilge ó bhí sí trí bliana d'aois nuair a bhí sí ina dalta i nGaelscoil Naomh Pádraig, ag leanúint lena cuid staidéir i gColáiste Cois Life, Leamhcán, áit ar fhorbair a grá don Ghaeilge. Rinne Gráinne staidéar ar an Nua-Ghaeilge agus ar na Meáin Chumarsáide in Ollscoil Mhá Nuad, áit ar bhain sí céim le céad onóracha amach. Agus í ag tabhairt faoina staidéar dochtúireachta iarchéime, bhain Gráinne dioplóma amach freisin i dTeagasc na Gaeilge d'Fhoghlaimeoirí Fásta agus tá breis agus deich mbliana de thaithí aici i dteagasc na Gaeilge, áit ar mhúin sí i Roinn na Nua-Ghaeilge agus i Roinn an Oideachais Aosaigh agus Pobail in Ollscoil Mhá Nuad. Ina ról mar Oifigeach na Gaeilge in OT Baile Átha Cliath, baineann Gráinne taitneamh as a cuid eolais agus scileanna a chur i bhfeidhm ar bhealaí praiticiúla agus baineann sí an-taitneamh as a bheith ag obair i réimse an oideachais ag an tríú leibhéal. Tá tionscnaimh bunaithe aici ar nós Conas Atá TÚ (comhrá agus cupán tae), BÚA (meantóireacht ar mhic léinn ag eagrú imeachtaí) agus IrisZine (iris dhátheangach á cruthú ag mic léinn do mhic léinn) agus is mór aici gnéithe cruthaitheacha an róil. Tá Gráinne ag roinnt an phoist faoi láthair.
Mo Ról
Tá réimse leathan dualgas agus freagrachtaí i gceist le ról Oifigeach na Gaeilge in OT Baile Átha Cliath. Tá Oifigeach na Gaeilge freagrach as úsáid, infheictheacht agus stádas na Gaeilge a fhorbairt i measc mhic léinn agus fhoireann Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Déanann Oifigeach na Gaeilge maoirseacht agus monatóireacht ar dhualgais na hOllscoile maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021 agus is ceannaire straitéiseach é maidir le comhlíonadh a chinntiú, idirchaidreamh a dhéanamh le gach comhghleacaí ar fud na hOllscoile, Oifig an Choimisinéara Teanga agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta. Cuireann Oifigeach na Gaeilge seirbhís aistriúcháin na hOllscoile ar fáil do gach ball foirne, ranganna Gaeilge, cúrsaí agus Scoláireachtaí Gaeltachta chun inniúlacht teanga a fheabhsú d’fhoghlaimeoirí agus éascaíonn sé tionscnaimh mac léinn agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn mar theanga bheo ar an gcampas.
Naisc Úsáideacha
- Ceisteanna Coitianta Aistriúcháin
- Dualgais Dlíthiúla na hOllscoile
- Acht na dTeangacha Oifigiúil (2021)
- Cúrsaí Gaeilge
- Scoláireachtaí Ghaeltachta
- Suíomh Oifig na Gaeilge
------------------------------------------------------------------------------------------------------
Gráinne Ní Bhreithiún was appointed as Oifigeach na Gaeilge in 2014, joining our team in Grangegorman. Prior to this, Gráinne had completed a PhD in Maynooth University where she investigated the nature of societal bilingualism in Ireland and draws on this research in her role in TU Dublin. Gráinne, who is from Dublin, has been immersed in the Irish language since she was three years old when she was a pupil in Gaelscoil Naomh Pádraig, continuing her studies in Coláiste Cois Life, Leamhcán where her grá for Gaeilge grew. Gráinne went on to study Nua-Ghaeilge and Media Studies in Maynooth University where she obtained a first-class honours degree. Whilst undertaking her postgraduate doctoral studies, Gráinne also obtained a diploma in Teaching Irish to Adult Learners and has over ten years of experience in teaching the Irish language where she taught in the Department of Modern Irish and the Department of Adult and Community Education in Maynooth University. In her role as Oifigeach na Gaeilge in TU Dublin, Gráinne enjoys applying her knowledge and skills in practical ways and has always enjoyed working in third level education. She has established initiatives such as Conas Atá TÚ (chat and cupán tae), BÚA (mentoring students in organising events) and IrisZine (creation of a bilingual magazine by students for students) and values the creative elements of the role. Gráinne currently job shares.
My Role:
The role of Oifigeach na Gaeilge, Irish Language Officer, in TU Dublin entails a broad diverse range of duties and responsibilities. The Oifigeach na Gaeilge is responsible for ensuring the development of the use, visibility and status of the Irish language amongst the students and staff of Technological University Dublin. The Oifigeach na Gaeilge oversees and monitors the University's duties in relation to the Official Languages Act 2003 and 2021 and is a strategic lead in ensuring compliance, liaising with all colleagues across the University, Oifig an Choimisinéara Teanga and the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht. The Oifigeach na Gaeilge also provides and manages the University’s translation service for all staff, Irish language classes, courses and Gaeltacht Scholarships to improve language proficiency for learners and facilitates student initiatives and social and cultural events that promote the use of the Irish language as a living language on campus.
Useful Links:
- Translation FAQs
- Our Legal Obligations as a Public Body
- Official Languages (Amendment) Act 2021
- Irish Language Courses
- Gaeltacht Scholarships
- Oifig na Gaeilge website
